The L-Space Web

Amharclann na Cruálachta

Gearrscéal an Teascdhomhain
le Terry Pratchett

Copyright © Terry Pratchett 1993


Maidin bhreá samhraidh a bhí ann,a chuireadh áthas na beatha ar fhear.Agus is dócha go mbeadh áthas ar an bhfear seo,dá mbeadh beatha aige.Is amhlaidh a bhí sé marbh.Bheadh sé deacair a bheath níos mairbhe gan saghas traenála speisialta a fháil.

"Bhuel",arsa Sáirsint Drólann (Garda na Cathrach Ankh-Morpork,Coimhéadachas na hOíche) ag ceadaigh lena nótaí, "faoin am seo tá a) greasáil l'uirlis mhaol amháin,ar a laghad b) tachtadh le trilseán ispíní agus c) ionsaí le dhá ainmhithe ,ar a laghad, l'fhiacla móra giorra acu againn mar chúis an bháis.Cad a dhéanfaimid anois,a Nobby?"

"Gabh an díol amhrais,a Sháirsint",arsa Ceannaire Nobbs,ag déanamh cúirtéis dó go hinnealta.

"Díol amhrais,a Nobby?"

"Eisean",arsa Nobby,ag bualadh cniogóg ar an gcorp lena bhuatais."Tugam rud an-amhrasach ar sin,é a bheith marbh mar sin.Bhí sé ag ól,freisin.Is féidir linn é a ghabhadh toisc go bhfuil sé marbh agus mí-iomprach."

Thochais Drólann a cheann.Bhí,go deimhin,buntáistí áirithe le fáil,maidir leis an corp a ghabhadh.Ach.

"Measaim féin",arsa eisean go mall, "go dteastóidh ar Chaptaen Vimes an ceann seo a réitigh.B'fhéidir go mba chóir duit é a thógáil ar ais leat chuig Stáisiún an Choimhéadachais,a Nobby".

"Agus an féidir linn na hispíní a ithe ansin,a Sháirsint?",arsa Ceannaire Nobbs.


Ní raibh sé éasca a bheith sa gharda is sinsire in Ankh-Morpork,príomhchathair an Teascdhomhain.[*]

Is dócha go raibh domhain ann,a mhachnaigh Captaen Vimes ina nóiméid gruamanna,gan draíodóirí (lena bhí mistéirí seomra-faoi-ghlas comónta) agus na neamhmharbh (bhí cásanna dhúnmharaithe an-ait nuair a fhéadfadh len íobartach bheith ina phríomh-fhinné) agus ina mbeadh tú in ann braith ar mhadraí faic a dhéanamh san oíche agus gan a bheith ag imeacht timpeall ag labhairt le daoine.Chreid Captaen Vimes i loighic,sa chaoi céanna ina gcreideann fear i ngaineamhlach in oighear-i.e. bhí sé de dhíth air ach níorbh é sin an domhan ceart di.Fiú uair amháin,a smaoin sé,bheadh sé deas rud éigin a réitigh.

D'fhéach sé ar an gcorp len aghaidh ghorm ar an leac,agus bhraith sé crith bheag scleondair.Bhí leideanna ann.Ní raibh leideanna cearta feicthe aige riamh cheana.

"Ní fhéadfadh é a bheith gadaí,a Chaptaen",arsa Sáirsint Drólann. "Is é an fáth,ná go raibh a phócaí lán l'airgid.Aon dollar déag."

"Ní ghlaofainn lán l'airgid ar sin", arsa Captaen Vimes.

"Pinginí agus leathphinginí é go léir,a Chaptaen.Tá ionadh orm gur sheas a bhrístí in aghaidh na straidhne.Agus fuair mé amach go lúbach gurbh fhuirseoir é,a Chaptaen.Bhí cúpla cárta ina phóca aige,a Chaptaen.'Cathal Codladh,Fuirseoir Leanaí'."

"Is dócha nach bhfaca éinne aon rud?",arsa Vimes.

"Bhuel,a Chaptaen",arsa Sáirsint Drólann go chuidiúileach, "Dúirt mé le Constábla Cairéad óg cúpla finné a fháil".

"D'fhiafraigh tú ar Chonstábla Cairéad dúnmharú a fhiosraigh? Leis féin?",arsa Vimes.

Thochais an sairsint a cheann.

"Agus dúirt seisean liomsa,an raibh aithne agam ar éinne a bhí an-shean agus tinn go trom?"


Agus ar an dTeascdhomhan draíochta,tá finné ráthaíochta ann do ghach dúnmharú.Sin é a phost.

Ceapadh go minic go raibh Constábla Cairéad,ball is óige an Choimhéadachais,simplí.Agus bhí sé.Bhí sé an-shimplí ar fad,ach sa chaoi céanna go raibh claíomh simplí,no luíocháin simplí.Seans freisin gurbh é an smaointeoir ba dhírigh riamh i stair na cruinne.

Bhí sé ag feitheamh in aice le leaba sheanfhir,a raibh taitneamh bainte aige as an gcuideachta.Agus anois bhí sé thar am dó a leabhar nótaí a thógáil amach.

"Anois,tá a fhios agam go bhfaca tú rud éigin,a dhuine uasail",ar seisean."Bhí tú ann".

BHUEL,IS EA,arsa Bás. CAITHFIDH MÉ A BHEITH,TÁ A FHIOS AGAT.ACH TÁ SÉ SEO AN-NEAMHRIALTA.

"A dhuine uasail",arsa Constábla Cairéad, "mar a thuigimse féin an dlí,is Cúlpháirtí i nDiaidh an Ghnímh thú. Nó b'fhéidir Roimh an nGníomh.

A FHIR ÓG,IS MISE AN GNÍOMH.

"Agus is mise garda an Dlí",arsa Constábla Cairéad. "Caithfidh dlí a bheith ann,tá a fhios agat."

BA MHAITH LEAT GO.Á.SCEITHFINN AR DHUINE? SCÉALA A DHÉANAMH AR DHUINE? CANADH MAR COLMÁN? NÍ HEA.NÍOR MHARAIGH ÉINNE AN T-UASAL CODLADH.NÍ FÉIDIR LIOM AON CHABHAIR ANSIN A THABHAIRT DUIT.

"Ó,níl a fhios agam,a dhuine uasail",arsa Cairéad, "Ceapaim gur thug".

DAMNÚ.

D'amharc Bás ar fhágáil Chairéid,agus a cheann á chrom aige fad is a ndeachaigh sé thíos staighre cúnga na prochóga.

ANOIS,CÁ RAIBH MÉ.

"Gabh mo leithscéal",arsa an seanfhear giortaithe sa leaba. "Táim 107 bliana d'aois,tá a fhios agat.Níl an lá ar fad agam."

Á,IS EA,TÁ AN CEART AGAT.

D'fhaobhraigh Bás a speal.B'é sin an chéad uair riamh a chabhraigh sé l'fhiafraí na ngardaí.Bhuel,bhí post le déanamh ag cách.


Bhí Constábla Cairéad ag spaisteoireacht go furasta timpeall na cathrach.Bhí Teoiric aige.Bhí leabhar léite aige ar Theoiricí.Chuir tú na leideanna go léir le chéile,agus fuair tú Teoiric.Bhí ar uile rud cur le chéile.

Bhí ispíní ann.Bhí ar dhuine éigin ispíní a cheannach.Agus ansin bhí pinginí ann.De ghnáth,níorbh ach forannóg amháin den chine daonna a n-íoc as rudaí le pinginí.

Thug sé cuairt ar mhonaróir ispíní.Tháinig sé ar ghrúpa páistí,agus labhair sé leo ar feadh tamaill.

Ansin shiúil sé ar ais chuig na caolsráide,ina raibh imlíne an choirp calctha ag Ceannaire Nobbs ar an dtalamh (daite isteach aige,agus le píopa agus bata siúil agus cúpla crann agus tor sa chúlra curtha leis-bhí 7 bpingin fágtha ina chlogad ag daoine cheana féin).Thug sé aird ar an gcarn bhruscair ag bun na sráide,agus ansin shuigh sé síos ar bhairille briste.

"Ceart go leor.is féidir libh teach amach anois",ar seisean,ag labhairt len domhan i gcoitinne. "Ní raibh a fhios agam fiú go raibh draoidíne fágtha ar dhomhan".

Bhain an bruscar siosarnach as.Chruinnigh siad amach-an fear beag len hata dearg,droim chruite agus srón crúcaithe,an bhean bheag sa chapa oíche ag iompar leanbh níos lú fós,an póilín beag,an madra len bóna timpeall a muiníl aige,agus an t-ailigéadar ollbheag.

Shuigh Constábla Cairéad,agus d'éist sé.

"Thug sé orainn é a dhéanamh",arsa an fear beag.Bhí guth iontach domhain aige. "Bhualfadh sé sinn.Fiú an t-ailigéadar.Níor thuig sé rud ar bith,seachas rudaí a bhualadh le bataí.Agus thógfadh sé an t-airgead go léir a bhailíodh an madra Tóibí agus d'imíodh sé ar meisce.Agus ansin d'éalaíomar agus ghabh sé sinn sa chaolsráid agus thosaigh sé ar Shiúdaí agus an leanbh agus thit sé agus-"

"Cé a bhuail é ar dtús?",arsa Cairéad.

"Sinne go léir!"

"Ach réidh go leor",arsa Cairéad."Tá uile dhuine agaibh ró-bheag.Níor mharaigh sibh é.Tá ráiteas an-éifeachtach agam ar sin.Mar sin de,chuaigh mé agus d'fhéach mé arís air.Thacht sé chun báis.Céard í seo?"

Thaispeáin sé teasc bheag leathair.

"D'úsaid se í chun na guthanna a dhéanamh",arsa an póilín beag. "Dúirt se nach raibh ár nguthanna greannmhar go leor."

"Sin mar a dhéanfar é!",arsa ise darbh ainm Siúdaí.

"Bhí sí i bhfostú ina scornach",arsa Cairéad. "Molaim díobh imeacht.Chomh fada agus is féidir."

"Cheapamar go mbeimis in ann comharchumann daonra a bhunú",arsa an príomhdhraoidín.

"Tá a fhios agat.dráma trialach,amharclann na sráide,agus araile.Gan a bheith ag bualadh a chéile le bataí."

"Rinne tú é sin do pháistí?",arsa Cairéad.

"Dúirt sé gurbh saghas nua siamsa é.Dúirt sé go n-éireodh sé faiseanta."

Sheas Cairéad,agus thug sé smeach don theasc isteach sa bhruscar.

"Ní chuirfidh daoine suas leis choíche",ar seisean. "Ní mar sin a dhéanfar é."

[*]Atá cothrom agus a dtéann trí Spás ar dhroim thurtair ollmhór,agus cén fhadhb.


Scríofadh "Amharclann na Cruálachta" ["Theatre of Cruelty"] ar dtús d'irisleabhar "Bookcase" W.H.Smith.Foilsíodh an leagan atáirgthe thuas níos déanaí sa chlárleabhar don chomhdháil "OryCon 15".

Tá an leagan ar-líne seo den scéal ar fáil ar an t-Idirlíon trí mheán boigí cineálta an údair,a dtaisceann na ceartanna atáirgidh agus uile ceartanna eile an scéil.In a fhocail féin: "Ní theastaíonn uaim é a fheiceáil i gcló roinnte áit ar bith,ach níl aon fhadhb agam maidir le daoine ag íoslódáil é dona dtaitneamhas féin."

Aistrithe ag Pat Barrett.


[Up]
This section of L-Space is maintained by The L-Space Librarians

The L-Space Web is a creation of The L-Space Librarians
This mirror site is maintained by Colm Buckley